Maidin Domhnaigh 's mé 'gabháil go hEochaill
Sea casadh an óigbhean orm sa tslí
Bhí scáil ar a lása, a leicne ródheas
Is ba bhinne a glór ná na ceolta sí
Leag mé mo lámh ar a bráid le mórtas
Agus d'iarr mé póigín ar stór mo chroí
Séard a dúirt sí, "Stop! Is ná stróic mo chlóicín!
Is gan fhios do ghnósa aige bean do thí!"
Seo mo lámh dhuit nach bhfuil mé pósta
Is gur buachaillín óg mé a thug gean do mhnaoi
Dhá dtriallfá liomsa ar ais go hEochaill
Do gheofá an t-ómós mar a gheobhadh bean tí
Chuirfinn high caul cap i gceart 's i gcóir ort
Gúna clóca 's caipisín
Bheadh siopa drama agat den fhíon 's den bheoir
Is do leanbh dóighiúil ag siúl an tí
Níl sé ach uair bheag ó d'fhág mé Eochaill
Is ní ligean an brón dhom filleadh aríst
Mar go mbíodh mo mhuintir i bhfearg mhór liom
Is cá bhfaighinnse fóirithint óm chairde gaoil?
Leath a ndeir siad, ní dhéanaim a gcomhairle
Ach buailim an bóthar de ló 's d'oíche
Is cailín scaite mé 'tá ag siúl an bhóthair
Ag lorg eolais ar Cheapach Chuinn