Sean O'Se - Plearaca Na Ruarcach Lyrics


Sean O'Se Lyrics

Plearaca Na Ruarcach Lyrics
Pléaraca na Ruarcach

Pléaraca na Ruarcach I gcuimhne gach uile dhuine
Da dtiocfaidh, da dtainic, 's da maireann go fóill:
Seacht bhfichid muc, mart agus caora
Dha gcasgairt don ghasrai gach aon ló.
Céad pail uisge bheatha 's na meadra dha liona,
Ag éirghe ar maidin is againn bhi an spóirt.
Briseadh do phiopa-sa, sladadh mo phóca-sa,
Goideadh do bhriste-sa, loisgeadh mo chlóca-sa,
Chaill mé mo bhairéad, m'fhallaing is m'fhiléad,
Ó d'imigh na gairéad ar seacht mbeannacht leó!
Cuir spraic ar a' gclairsigh, seinn suas a' pléaraca,
An bucsa sin, 'Áine, 'gus greadóg le n-ól!

Lucht leanamhna na Ruarcach a' cratha a gcleiti,
Trath chuala siad torman nó troimpléasg an cheóil;
D'éirigh gach aon aca gan coisreaca 'n-a leabaidh,
Is a bhean leis ar strachailt in gach aon chórn.
Nar laidir an seasamh don talamh bhi futha,
Gan réaba le sodar agus glug ins gach bróig!
Saol agus slainte dhuit, 'Mh'leachlainn Ui Fhionnagain!
Dar mo laimh is maith a dhamhsuios tu, 'Mharsail Ni Ghriodagain!
Here's to you, 'mhathair, I pledge you, God save you!
Beir ar a' sgala so, sgag é in do sgóig.
Crath fuinn an tsraideóg, sin tharuinn an bhan-phluid,
Tugthar ar saith dhuinn de lionn-choirm chóir!
A Árd-Ri na gcarad, cébi 'tchifeadh an ghasrai
Ar liona a gcraicni nó ar lasa san ól!
Cnaimh righe bacaird ar fad in gach sgin aca,
A' gearra 'sa' cosgairt go mór, mór, mór;
A slisneacha darach ar lasa a' gabhail frid a chéile,
A' buala, a' greada, a' losga 's a' dódh.
A bhodaigh, 'sé m'athair-se chuir Mainistir na Buille suas,
Sligeach is Gaillimh is Caraidh Dhroma Ruisgthe fós.
Iarla Chill' Dara agus Biadhtach Mhui n-ealta,
Siad d'oil agus d'altruim mé, fiosraigh so de Mhór.
Tóig suas a' t'adhmad agus buail an t-alarm air,
Preab ionsa tairr agus cic ionsa tóin!

"Cé thóig a' t-alarm so?" ar aon den Eaglais,
Ag éirghe 'n-a sheasamh 's a' bagairt go mór;
Ni h-é spairgeas uisge coisreactha ghlac sé sa gciora
Ach bata maith darach, bog-lan dóirn!
Trh shil sé na caithmhilidh a chasgairt 's a chiora,
Do fagadh an sagart 'n-a mheall chasta fan mbórd.
D'éirigh na braithre a' tarrthail na bruine,
Is fagadh an t-Athair Gairdian ar a tharr 'n-airde sa ngriosai.
"Trath bhinn-se ag an bPapa ar stuidéar na ngrasta,
'S a' glaca na ngradhamh thall ins a' Róimh,
'Sé an Seven Wise Masters bhi agad ar do thairr,
Is tu a' rósta na bpratai laimh leis a' tSidh Mhór!
Back to: Sean O'Se Lyrics


Soundtracks / Top Hits / One Hit Wonders / TV Themes / Song Quotes / Miscellaneous